MA/Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin)
Cód: MA–MEAL-CGM Dioplóma Iarchéime–DIAR-CGM
Forléargas ar an gCúrsa
Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge san Ollscoil. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh an scoláire staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne chomh maith le staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara (nó Dún na nGall) agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: bíonn deis ag na scoláirí tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir agus faigheann siad taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d'ardáin ilmheán, agus iad ag feidhmiú mar 'chleachtóirí machnamhacha' sa mhórchraoltóir náisiúnta.
Tá an clár 90 ECTS seo ar fáil in imeacht aon bhliain amháin (lánaimseartha) nó go páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain. Is féidir tabhairt faoin gclár ar bhonn modúil. Beidh mic léinn i dteideal na cáilíochta Dioplóma Iarchéime ach 60 ECTS a bhaint amach sa chlár múinte, nó dul ar aghaidh agus an cháilíocht Máistir i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin a bhaint trí thionscadal taighde féinstiúrtha a chur i gcrích go sásúil agus na creidiúintí 90 ECTS a bhaint.
Aidhm an chláir
Cumasc tomhaiste den staidéar acadúil agus den fhoghlaim phraiticbhunaithe a chur ar fáil sna meáin agus i gcrúthu ábhair a chuirfidh ar chumas céimithe an chláir feidhmiú mar 'chleachtóirí machnamhacha' sna meáin chumarsáide chomhaimseartha agus cur lena gcumas i gcumarsáid na Gaeilge.
Cuspóirí an chláir
- Staidéar a dhéanamh ar na comhthéacsanna agus ar na suíomhanna éagsúla ina bhfeidhmíonn na meáin chomhaimseartha d'fhonn anailís chriticiúil a dhéanamh ar a ról i múnlú na n-acmhainní siombalacha trína dtagann daoine ar thuiscintí faoin tsochaí mórthimpeall orthu.
- Foghlaim ó thaithí a chur ar fáil do mhic léinn maidir le cleachtais ghairmiúil oibreoirí na meán agus cruthaitheoirí ábhar ilmheán, d’fhonn tuiscint ghrinn agus taithí a thabhairt dóibh ar chleachtais ghairmiúil sna meáin chomhaimseartha.
- Sintéis éifeachtach idir an teoiric agus an phraitic a aimsiú d'fhonn forbairt intleachtúil, acadúil agus ghairmiúil na scoláirí mar ‘chleachtóirí machnamhacha’ a chur chun cinn.
- Cur le cumas an mhic léinn é/í féin a chur in iúl agus i láthair go héifeachtach agus go húdarásach trí mheán na Gaeilge ag imeachtaí poiblí agus os comhair ceamara nó micreafóin.
Torthaí foghlama an chláir
Ar chríoch an chláir beidh an scoláire in ann:
- Iniúchadh a dhéanamh ar an saol cumarsáide comhaimseartha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
- Léargas criticiúil a thabhairt ar ról agus ar thábhacht na meán cumarsáide i bpobail mhionlaigh i ré an mhórchultúir idirnáisiúnta.
- Anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí don tsochaí a bhaineann leis na hathruithe atá ag titim amach san iriseoireacht, i saol na craoltóireachta, na scannánaíochta agus sna hilmheáin.
- Feidhmiú go gairmiúil trí Ghaeilge.
Modh staidéir agus seachadadh an chláir
Reáchtálfar an clár léinn ar bhonn lánaimseartha in imeacht aon bhliain amháin agus ar bhonn páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain. Reáchtálfar an clár múinte (Seimeastar 1 & 2) ar phríomhchampas Ollscoil na Gaillimhe, Gaillimh agus beidh tréimhsí foghlama ar an láthair oibre ag deireadh seimeastar 1 agus 2 leis an gcraoltóir náisiúnta poiblí RTÉ. Cuirfear an chéad tréimhse i gcrích i Mí na Nollag i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla, Co. na Gaillimhe, i stiúideonna nuachta TG4 i mBaile na hAbhainn, Co na Gaillimhe nó i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga, Co Dhún na nGall. Cuirfear an dara tréimhse i gcrích i Mí Bealtaine in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath 4.
Iarratais agus roghnúchán
Eolas faoi na teagascóirí
Riachtanais agus measúnú
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (163 KB)
-
MA (Léann an Aistriúcháin) Aistriú Téacsanna / Fotheidealú PDF (140 KB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (182 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2025 PDF (1.8 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (198 KB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (218 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (275 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (181 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (185 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (200 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (205 KB)
-
International Students PDF (154 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (296 KB)
-
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime) PDF (168 KB)